Luke 10:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gibh bé éisdeas ribhsi is riomso éisdeas sé; agus gibh bé bheir neimhchion oruibhsi, is oramsa do bheir sé neimhchion; agus gibh bé bheir neimhchion oramsa is ar an té do chuir úadh mé do bheir sé neimhchion.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An té éisteas libhse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té dhiúltuigheas daoibh, is damh‐sa dhiúltuigheas sé; agus an té dhiúltuigheas damh‐sa, diúltuigheann sé do’n té do chuir uaidh mé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“An té a éisteas libhse éisteann sé liom, agus an té a dhiúltaíos daoibh is dom a dhiúltaíonn sé, agus an té a dhiúltaíos domsa diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té a chluineann sibh-se, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibhse, diúltaíonn sé dom-sa, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”