Luke 10:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin a dabhairt sé ríu, Is mór an foghmhar, achd is beag an luchd oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhoghmhuir, luchd oibre do chur amach chum a fhóghmhair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo, Is mór é an fóghmhar, acht is suarach iad an lucht oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhóghmhair buanaidhthe do chur amach chum a fhóghmhair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt sé leo, “Dá mhéid é an fómhar, níl ach dornán beag oibrithe ann; bígí mar sin ag guí Thiarna an fhómhair buanaithe a chur amach chuig a fhómhar.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leo: «Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfeadh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leo: “Tá an fómhar fairsing, ach níl ann ach meitheal bheag. Dá bhrí sin, guígí Máistir an fhómhair go gcuirfidh sé meitheal uaidh isteach ina fhómhar.