Luke 10:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a núairsion do ghabh gáirdeachas iona spioraid Iósa, agus a dubhairt sé, Do bheirim buidheachas duit a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, trí gur fholuigh tú na neithesi ó dháonibh eagnuidhe agus glioca, agus gur nochd tú iad do naoidheanánuibh: a seadh, a Athair; tré gur ab mar sin do budh toil leachd féin é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Le linn na h‐uaire céadna sin do líonadh é de gháirdeachas mór tríd an Spiorad Naomh, agus adubhairt sé, Do‐bheirim a bhuidheachas leat, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe sin ar Lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do leanbhaibh iad: do‐rinnis é, a Athair; óir ba é do thoil féin é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
San uair chéanna úd bhí áthas an Spioraid Naoimh air, agus ar seisean, “Altú duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, go bhfuil na nithe seo ceilte agat ar lucht na heagna agus ar lucht na tuisceana, agus go bhfuil siad nochtaithe agat do na naíonáin; bíodh amhlaidh, a Athair, ó ba é sin do dhea-thoil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: «Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d' fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Bheirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna Neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a dʼfhoilsigh tú do naíonáin iad. Is ea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.