Luke 10:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atáid na huile neithe ar na dtabhairt dhanhsa óm Athair: agus ní bhfuil a fhios ag éinneach ciá hé an Mac, achd ag a Nathair; agus ciá hé an Tathair, achd ag an Mac, agus an té dá dtiúbhradh an Mac a nochdughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá gach uile nidh tabhartha ag m’Athair damh‐sa; agus ní fhuil a fhios ag aoinneach, acht ag an Athair amháin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Athair, acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a nochtadh dhó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Níl ní nár bhronn an tAthair orm; agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ná eolas cé hé ach ag an Athair, ná eolas cé hé an tAthair ach ag an Mac agus ag an té a nochtann an Mac an tAthair dó.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá gach aon ní tugtha domsa ag m' Athair. Agus ní eol d' aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá gach aon ní tugtha dom-sa ag mʼAthair. Agus ní heol dʼaon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”