Luke 10:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír a deirim ribh, Gur ab iomdha fáighe agus righthe lér mhián na neithe do chithisi dfaicsin, agus ní fhacadar: agus na neithe do chluintí do chluinsin, agus ní chúaladar.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir adeirim libh gurab iomdha fáidh agus rí le n‐ar mian na neithe do‐chí sibh‐se d’fheicsin, agus nach bhfacadar iad; agus na neithe do‐chluin sibh‐se do chlos, agus nach gcualadar iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar tá mise ag insint daoibh gurbh iomaí fáidh agus rí arbh fhonn leo an ní a fheiceas sibhse a fheiceáil, agus nach bhfaca é, agus an ní a chluineas sibhse a chluinstin, agus nár chuala é.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir deirim libh, b' áil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir deirim libh, bʼáil le mórán fáithe agus ríthe na nithe a fheiceáil a fheiceann sibh-se agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibh-se agus níor chuala siad iad.”