Luke 10:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus féuch, déirigh fear dlighe áirighe na sheasamh, ag cur chathaighthe airsion, agus ag rádh, A Mhaighhisdir, créd do dhéana mé ionnus go bhfuighinn an bheatha mharthannach doighreachd?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus féach, d’éirigh fear dlighe ’n‐a sheasamh, agus do bhain sé triail as, g‐á rádh, A Mháighistir, créad atá le déanamh agam chum na beathadh síorraidhe d’fhágháil mar oighreacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bʼshiúd dlíodóir a sheas suas á fhéachaint, agus dúirt sé, “A Oide, cad é a dhéanfas mé leis an mbeatha shíoraí a shealbhú?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: «A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼéirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, dá phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeidh mé páirteach sa bheatha shíoraí?”