Luke 10:35 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag imtheachd dó lá ar na mhárach, do bhean sé dhá phighinn amach agus tug sé don ósdóir iád, agus a dubhairt sé ris, Bíodh cúram agad fan fhearso; agus gibh bé chaithfeas tú as a chionn so, an tráth fhillfeadsa, do bhéara me dhuit é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Lá ar n‐a bhárach do thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do’n óstóir iad, agus adubhairt sé, Tabhair aire dhó; agus cibé méid chaithfeas tú sa mbreis, cúiteochadsa leat é, nuair thiocfas mé arís.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus lá arna mhárach thóg sé dhá dhéanar gur thug dʼfhear an teach ósta iad, á rá, ‘Tabhair aire dó; agus cibé rud eile a chaithfeas tú air, íocfaidh mé as leat nuair a fhillfeas mé.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: 'Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus lá arna mhárach, thóg sé amach dhá dhéanar agus thug don óstóir iad agus dúirt: ‘Déan cúram de, agus cibé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é ag filleadh dom.’