Luke 10:36 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A nois cía don triúrsa, bhreathnaigheas tusa, do bheith na chomharsain ag an tí úd thárla a measg na mbiothamhnach?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cia aca de’n driúr úd, an measann tú, ba chómharsa do’n duine do theagmhuigh leis na gadaidhthibh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cé acu den triúr a bhí ina chomharsa dairíre, dar leat, ag an té a tharla ar na bithiúnaigh?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cé acu den triúr sin, do bharúil, ba chomharsa don té a tharla i líon na robálaithe?”