Luke 10:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí deirbhshiúr aicesi dá ngoirthí Muire, agus ar suidhe dhi ag cosaibh Iosa, do bhí si ag éisdeachd lé na bhríathraibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí deirbhshiúr aici darbh ainm Máire, do shuidh ag cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n‐a bhriathar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí deirfiúr aici a raibh Muire mar ainm uirthi a shuigh ag cosa an Tiarna agus í ag éisteacht lena theagasc.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar.