Luke 11:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla, an tan do bhí sé ag déanamh urnuighe a náit áirighe, mar do sguir sé, go ndubhairt fear áirighe dá dheisciobluibh ris, A Thighearna múin dúinne urnuighe do dhéanamh, amhail agus mar do mhúin Eóin dá dheisciobluibh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tharla, agus é ag déanamh urnaighe i n‐áit áirithe, go ndubhairt duine d’á dheisceablaibh leis, nuair do stad sé, A Thighearna, múin dúinne urnaighe do dhéanamh, fá mar mhúin Eoin d’á dheisceablaibh féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí sé ar a urnaí in áit áirithe, agus nuair a stad sé di, dúirt duine dá dheisceabail leis, “A Thiarna, múin an urnaí dúinn, mar a rinne Eoin dá dheisceabailsean.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: «A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Aon lá amháin agus é in áit áirithe ag guí, nuair a stad sé, dúirt duine dá dheisceabail leis: “A Thiarna, múin dúinne guí, amhail mar a mhúin Eoin dá dheisceabail.”