Luke 11:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ach cheanna más le méur Dé theilgimsi amach na deamhain, gan chunntabhairt tháinic ríoghachd De chuguibhsi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht má’s le cumhacht Dé chuirim‐se na deamhain amach, annsin atá ríoghacht Dé tagtha chugaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach más le méar Dé a bhím ag caitheamh amach na ndeamhan, is cruthú é sin go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht oraibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach más trí mhéar Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh.