Luke 11:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tráth imthigheas an spiorad neamhglann as duine ar bith, imthigh sé trí íonaduibh tiorma, ag iárruidh suáimhnis; agus an tráth nach bhfaghann sé sin, a deir sé, Fillfidh mé doin thigh féin ó dtáinic mé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nuair bhíos an spioraid neamh‐ghlan imthighthe as an duine, gluaiseann sí tré áiteannaibh tiorma ar lorg suaimhnis: agus nuair nach mbíonn sin le fágháil aici, adeir sí, Fillfead chum mo thighe as a dtáinig mé amach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Nuair a imíonn an sprid neamhghlan as duine, siúlann sí áiteanna tirime gan uisce ag iarraidh suaimhnis; agus nuair nach bhfaigheann sí aon suaimhneas ann is é a deir sí léi féin, ‘Fillfidh mé ar mo theachsa a dtáinig mé as.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus nuair nach bhfaigheann, deir: 'Fillfidh mé chun mo thí as a dtáinig mé amach.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus nuair nach bhfaigheann, deir: ‘Fillfidh mé chun mo thí as a dtáinig mé amach.’