Luke 11:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Imthighidh sé an sin, agus beiridh sé leis seachd spioraide eile is measa ná é fein; agus ar ndol a sdeach dhóibh, do níd comhnaidhe ann sin: agus is measa deireadh an duine sin ná a thosach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Imthigheann sí annsin agus do‐bheir sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin; agus téid siad‐san isteach agus do‐ghní siad cómhnaidhe ann: agus is measa staid an duine sin sa deireadh ’ná do bhí a chéad staid.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ansin imíonn sí go dtugann sí léi seacht sprid eile is urchóidí ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann cónaí ann; agus is measaide an duine úd a dheireadh ná a thús.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Imíonn sé ansin agus tugann leis seacht spioraid eile is measa ná é féin; téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Imíonn sé ansin agus tugann leis seacht spiorad eile is measa ná é féin; téann siad isteach agus glacann siad áras ann, agus is measa dála an duine sin ar deireadh ná ar dtús.”