Luke 11:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla, agá rádh so dhó, gur árduigh bean áirighe don tsluágh a gúth, agus go nduibhairt sí, As beannaighe an bhrionn do iomchuir thú, agus na cíocha do dhiughail tú.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tharla, le linn cainnte dhó, gur labhair bean de ghuth árd as an sluagh, agus adubhairt sí, Is beannuighthe an bhroinn d’iomchair thú, agus na cíocha do dheolais.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin, labhair bean a bhí sa slua in ard a cinn agus dúirt leis, “Is beannaithe an bhroinn a chuir ar an saol thú, agus is beannaithe na cíocha a bhíodh á ndiúl agat!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus le linn do bheith ag rá an méid sin, labhair bean go hard as lár an tslua agus dúirt sí leis: «Is méanar don bhroinn a rinne thú a iompar agus do na cíocha a dheoil tú!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus le linn do a bheith ag rá an méid sin, labhair bean go hard as lár an tslua agus dúirt sí leis: “Is méanar don bhroinn a rinne thú a iompar agus do na cíocha a dhiúl tú!”