Luke 11:36 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin dá raibh, do chorp uile soillseach, gan éanchuid dhe dorcha, biáidh an tiomlán soillseach, amhail mar dheallruigheas coinneal thú ré na soillse.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, má bhíonn do chorp uile soillseach, gan aon chuid de bheith dorcha, béidh sé soillseach go h‐iomlán, de réir mar shoillsigheann lóchrann thú agus é ag deallrú go geal‐ghlan.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má bhíonn, mar sin, do cholainn uile lán de sholas, gan aon bhall dorcha uirthi, beidh sé uile geal lasta, mar lampa a dtugann a shoilse solas duit.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má bhíonn do chorp ar fad solasmhar dá bhrí sin, gan aon chuid den dorchadas ann, beidh sé solasmhar ar fad nuair a shoilsíonn an lampa lena ghile thú.”