Luke 11:39 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt an Tighearna rís, Go deimhin do ní sibhse a phairisineacha an táobh amuigh don chupan agus don mhéis glan; achd atá an táobh a sdigh dhíbh lán do shracaireachd agus dolc.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt an Tighearna leis, Nach breagh mar ghlanann sibh‐se, a Fhairisíneacha, an taobh amuigh de’n chupán agus de’n phláta; acht bíonn sibh líonta istigh de shainnt agus de chuirptheacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt an Tiarna leis, “Bíonn sibhse, na Fairiséigh, ag glanadh an taobh amuigh den chupán agus den mhias, ach tá sibh lán den tsaint agus den mhallaitheacht ar an taobh istigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt an Tiarna leis: «Sea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt an Tiarna leis: “Is ea, is Fairisínigh sibh féin: glanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias, ach tá an taobh istigh díbh lán de shlad agus de mhallaitheacht.