Luke 11:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus maith dhuinn ar bpeacaigh; óir maithmídne da gach áon air a bhfuil fiacha aguinn. Agus na leíg sinn a ccathughadh; achd soar inn ó olc.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus maith dhúinn ár bpeacaidhe; mar mhaithimíd‐ne dhóibh‐sean ar a bhfuil fiacha againn. Agus na seol i gcathú sinn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus maith dúinn ár bpeacaí, mar bímid féin ag maitheamh don dream a bhfuil fiacha againn orthu; agus ná lig sinn i gcathú.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.”