Luke 11:42 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd is anáoibhinn dáoibh, a phairisíneach! do brígh go ngabhtháoi deachmhaidh an mhiontius agus na ruibhe agus na uile luibheann, achd gabhtháoithar bhreitheamhnus agus ghrádh Dé: do búdh cúir iád so do dhéamnamh, agus gan iád súd do leígeann gan déanamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir gearrann sibh an deachmhadh ar an miontas, agus ar an ruibh, agus ar gach uile luibh, agus ní chuireann sibh suim i mbreitheamhnas ná i ngrádh Dé: acht ba cheart daoibh aire do thabhairt daoibh seo gan faillighe do dhéanamh ionnta súd.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Ach mo mhairg daoibh, a Fhairiséacha! Bíonn sibh ag tabhairt deachúna den mhismín agus den rú agus de na luibheanna uile, agus faillí á déanamh agaibh sa cheart agus i ngrá Dé; ba cheart daoibh iad siúd a chur i ngníomh, gan neamh-aird a bheith agaibh ar an gcuid eile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Ach is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar go n-íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Ach is mairg daoibhse, a Fhairisíneacha, mar go n-íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár.