Luke 11:43 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As anáoibhinn dáoibh, a phoirisneacha! Oír as ionmhuin libh an céud ionad suidhe ann sna sionagogaibh, agus fáilteadha ar na máruidhibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir is breagh libh na suidheacháin uachtaracha ins na sionagógaibh, agus daoine ag beannú dhaoibh i n‐áiteannaibh an mhargaidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is mairg daoibh, a Fhairiséacha! Mar níl ní is fearr libh ná an suíochán is fearr sa tsionagóg agus an slua ag beannú daoibh i sráid an mhargaidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar gur mór agaibh suí sa chéad áit sna sionagóga, agus cách a bheith ag beannú daoibh sna háiteanna poiblí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is mairg daoibhse, a Fhairisíneacha, mar gur mór agaibh suí sa chéad áit sna sionagóga, agus cách a bheith ag beannú daoibh sna háiteanna poiblí.