Luke 11:45 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreagra do dhuine áirighe don luched dlighe, a deir sé rís, A Mhaighisdir, agá rádh so dhuit do bhéir tú masa dhuinne fós.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhreagair duine de’n lucht dlighe, agus adubhairt sé leis, A Mháighistir, nuair adeirir an méid sin do‐bheirir masla dhúinne, leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thug fear de na dlíodóirí freagra air, “A Oide, tugann tú achasán dúinne freisin, a grá an mhéid sin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach labhair duine de na dlíodoirí: «Ag caint mar sin duit, a Mháistir,» ar sé, «tugann tú easmailt dúinne freisin.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach labhair duine de na dlíodoirí: “Ag caint mar sin duit, a Mháistir,” ar sé, “tugann tú easmailt dúinne freisin.”