Luke 11:49 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharso a dubhairt eagna Dé, Cuirfe mé fáidhe agus absdail chuca, agus muirfid siád agus géarleanfuid cuid diobh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar an adhbhar sin adubhairt eagna Dé, Cuirfead fáidhe agus abstail chuca; agus marbhócaid cuid aca, agus do‐ghéanaid géirleanamhain ortha;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin dúirt eagna Dé, ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus maróidh siad agus cuirfidh siad géarleanúint ar chuid acu,’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus sin é an fáth a ndúirt Eagna Dé: 'Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus déanfaidh siad cuid acu a mharú agus a ghéarleanúint,'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus sin é an fáth a ndúirt Eagna Dé: ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus déanfaidh siad cuid acu a mharú agus a ghéarleanúint,’