Luke 11:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus go bhfreigeóradh seision a sdigh, agus go naibeóradh sé, Na cuir búaidhreadh oram: atá an doras dúntí a nois, agus ataíd mo chlann am fhochair sa tseómra; ní fhéaduim éirghe agus a dtabhairt dhuit.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus go n‐abróchaidh seisean atá istigh, Ná bí ag cur buaidheartha orm; atá an doras dúnta anois, agus atá mo chlann i n‐éinfheacht liom sa leabaidh; ní féidir liom éirghe agus rud do thabhairt duit.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus beidh seisean á fhreagairt mar seo istigh, ‘Ná bí do mo bhuaireamh; tá an doras druidte anois, agus mo pháistí ar aon leaba liom; ní féidir liom éirí aníos ná ní féidir liom aon ní a thabhairt duit.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: 'Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit';
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus go ndéarfaidh an fear istigh dá fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mé féin is mo chlann sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’;–