Luke 12:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Fa a námsin, ar mbeith do phubal gan airmheadh ar na ccomhchruinniufgadh, ionnus go rabhadar ag saltairt ar a chéile, do thionnsgain sé a radh re na dheisciobluibh ar tús, Comhéaduigh sibh féin ar laibhin na Bhphairsineach, eadhon an fuarchrabhadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Fá’n am sin, nuair do bhí na mílte móra ag cruinniú le chéile, i dtreo go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thosnuigh sé ar a rádh le n‐a dheisceablaibh ar dtús, Seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, is é sin an fuar‐chrábhadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Idir an dá am, nuair a bhí oiread mílte den slua cruinnithe go raibh siad i riocht satailte ar a chéile, thosaigh sé ar a rá lena dheisceabail ar dtús, “Seachnaígí laibhín na bhFairiséach, is é sin, seachnaígí a bhfimíneacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: «Seachnaígí sibh féin ar ghabháil is é sin, ar bhréagchrábhadh na bhFairisíneach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil–is é sin, ar bhréagchrábhadh–na bhFairisíneach.