Luke 12:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a deara mé réim anam fein, A anaim, ata mórán máoine agad ar na gcur a dtaisge fa chomchair mhórán bliadhan; fan ad chomhnuidhe, ith, ibh, bí go súgach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adéarfad lem’ anam, A anam, atá dóthain mhór maoine curtha i dtaisce agat i gcómhair mórán bliadhan le teacht; ceap do shuaimhneas, bí ag ithe, agus bí ag ól, agus bí súgach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus déarfaidh mé le mʼanam, A anam liom, tá mórán mór maoine agat curtha i dtaisce le haghaidh mórán blianta; bain dʼaoibhneas as, ith agus ól agus bí go súgach.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus déarfaidh mé le m' anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus déarfaidh mé le mʼanam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’