Luke 12:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Diá ris, A amadáin, a nochd féin iárfaid síad hanam ort: agus cia bhus leis na neithe so, do sholáthair tú?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht adubhairt Dia leis, A dhuine gan chéill, éileochar t’anam ort anocht féin; agus cia aige go mbéidh gach a bhfuil curtha le chéile agat?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is é a dúirt Dia leis, ‘A amadáin, anocht féin a iarrfar dʼanam ort; agus na nithe seo atá ullmhaithe agat, cé leis a mbeidh siad?’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt Dia leis: 'A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d' anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun dʼanam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’