Luke 12:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Réacaidh a bhfuil aguibh, agus tabhruidh déirc úaibh; déanuidh sparáin dhibh féin nach rachta a narsaidheachd, cisde ar nach racha caitheamh ar neamh, a náith nach dtig gaduidhe a ngar dhó, agus nach dtruáilligheann an míol críon.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Díolaidh a bhfuil agaibh, agus tabhraidh déirc; déanaidh dhaoibh féin sparáin nach gcaithfear le h‐aois, stór ins na flaitheasaibh nach n‐ídeochar, san áit nach ndruideann gadaidhe i n‐aice leis, agus nach milleann an leamhan ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Díolaigí bhur maoin, agus tugaigí uaibh mar dhéirc i ar ghrá Dé; soláthraígí daoibh féin sparán nach gcríonann, stór ar neamh nach dteipeann, san áit nach dtagann gadaí dá chomhair agus nach mbíonn leamhain á chur ó mhaith.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan dá lot.