Luke 12:37 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is beannaighe na searbhfhoghantaidhe úd, do gheibh an tighearna ag déanamh faire an tan do thig sé: a deirim ribh go fírinneach, go gccangalfuigh sé é féin timchioll, agus go gcuirfidh sé iádsan na suidhe chum bidh, agus ar dteachd amach dhó go ndéanuidh sé fríothólamh dhóibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is beannaithe iad na sheirbhísigh a bhfaigheann an máistir ina ndúiseacht iad ag teacht dó; deirim go fíor libh go gcrioslóidh sé é féin agus go gcuirfidh ina suí ag bord iad, agus go dtiocfaidh sé ag freastal orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.