Luke 12:39 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd biodh a dheimhin só aguibh, dá mbeith a fhios ag fear an tighe cía a núair a dtiocfadh an gaduighe, go ndéanadh sé faire, agus nach bhfuileóngadh sé a thigh féin do thollodh thríd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht bidhidh cinnte dhe seo, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cia an uair a bhí an gadaidhe le teacht, go ndéanfadh sé faire, agus nach leigfeadh sé a theach do bhriseadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tugaim le fios daoibh, dá mbeadh an t‑eolas ag fear an tí faoi cá huair a bhí an gadaí ag teacht, bheadh sé ina dhúiseacht gan ligean dó briseadh isteach ina theach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mb' eol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mbʼeol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach.