Luke 12:58 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fós an tan théid tá réd easgcaruid chum a núachdaráin, déana do dhícheall ar slighe, air thú féin do reíteach úadh; deagla go dtairrngeadh sé chum an bhreithimh thú, agus go dtiobhradh an bhreitheamh don tsirríam thú, agus go dteilgfeadh an sirriam thú a bpriosím.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir, nuair bhíonn tú ag dul i n‐éinfheacht led’ námhaid i láthair an ghiúistís, sa tslighe dhuit, déan do dhícheall chum réidhteach do dhéanamh leis; ar eagla go dtarraingeochadh sé os cómhair an bhreitheamhan thú, agus go dtiubhradh an breitheamh suas do’n fheadhmannach thú, agus go gcuirfeadh an feadhmannach i bpríosún thú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair atá tusa agus an té atá do do chúisiú ar an mbealach go dtí an breitheamh, déan do dhícheall le teacht ar shocrú leis ar bhur mbealach, ar eagla go dtarraingeoidh sé chuig an mbreitheamh thú, agus go dtabharfaidh an breitheamh i láimh an chonstábla thú, agus go bhfágfaidh an constábla sa phríosún thú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar sin, nuair a bhíonn tú ag imeacht le fear do chúisithe i láthair an phrionsa, déan do dhícheall, agus tú sa bhóthar, ar bheith réidh leis, le heagla go dtarraingeodh sé os comhair an bhreithimh tú agus go dtabharfadh an breitheamh ar láimh don sirriam tú agus go dteilgfeadh an sirriam i bpríosún tú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar sin, nuair a bhíonn tú ag imeacht le fear do chúisithe i láthair an phrionsa, déan do dhícheall, agus tú sa bhóthar, ar a bheith réidh leis, le heagla go dtarraingeodh sé os comhair an bhreithimh thú agus go dtabharfadh an breitheamh ar láimh don sirriam thú agus go dteilgfeadh an sirriam i bpríosún thú.