Luke 13:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreagra dúachdarán na sinagóge ar mbeith diomghach dhó, fá Iósa do dhéanamh leighis ann sa tsabboid, a dubhairt sé ris on bpubal, Atáid sé laéthe ann ar coir obair do dhéanamh; ar a nadhbharsin gur ab ionnta sin thiocfas sibh dá bhur leigheas, agus nar ab a lá na sabboide.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhreagair uachtarán na sionagóige, agus é go díombuidheach d’Íosa toisc leigheas do dhéanamh, lá na sabóide, agus adubhairt sé leis an sluagh, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do dhéanamh: tagaidh ar na laethibh sin go leigheasfar sibh, agus ná bidhidh ag teacht lá na sabóide.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bhí fearg ar rialtóir na sionagóige faoi Íosa a bheith ag leigheas lá na sabóide, agus dúirt sé leis na daoine, “Tá sé lá oibre ann; tagaigí do bhur leigheas ar na laethanta úd, ach ná tagaigí lá na sabóide.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá saboide, agus dúirt leis an bpobal: «Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach labhair uachtarán na sionagóige, agus míchéadfa aige go ndearna Íosa leigheas lá sabóide, agus dúirt leis an bpobal: “Tá sé lá nach miste saothar a dhéanamh iontu: tagaigí ar na laethanta sin agus leigheastar sibh, agus ní ar lá na sabóide é.”