Luke 13:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan a dubhairt sé na neithesi, do ghabh náire gach áon nduine dá raibh a cur na aghaidh: achd do bhígáirdeachas ar a tslúagh uile tré gach uile ní glórmhar dá ndéarmidh seision.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair adubhairt sé na neithe sin, do chuir sé náire ortha‐san do bhí ’n‐a aghaidh: agus do bhí an‐áthas ar an sluagh de bhárr na neithe glórmhar go léir do bhí aige d’á ndéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, bhí náire ar a naimhde; agus bhí lúcháir ar na daoine faoi na gníomhartha uaisle a bhí á ndéanamh aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d' áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán dʼáthas faoina raibh dá dhéanamh aige de bhearta oirirce.