Luke 13:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Déanuidh bhur ndithcheall ar dhul a sdeach sa doras chumhann: óir a deirim ribh, Is iomdha dáoine iárrfas dul a sdeach, agus nach búdh éidir leó:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo, Déanaidh dícheall ar dhul isteach an doras cumhang: óir adeirim libh gur ab iomdha duine bhéas ag iarraidh dul isteach, agus ní éireochaidh leo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Bígí ar bhur ndícheall le dul isteach tríd an doras caol cúng; mar deirim libh gur iomaí sin duine a bheidh ag iarraidh fáil isteach, agus go dteipfidh sé orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.