Luke 13:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
O a nuáir fá néireóchaidh fear an tighe, agus fá a ndúnfa sé a dhóras, agus thionnsganuidh sibhsi seasamh a muich, agus an doras do bhuáladh, ag rádh, A Thighearna, A Thighearna, osguil dúinne; agus ar bhfreagra dhósan a déara sé ribh, Ní bhfuil a fhios agam cía bas dáoibh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Chómh luath agus bhéas fear an tighe éirighthe, agus doras an tighe dúnta aige, agus thosnuigheas sibh‐se ar bheith ’n‐bhúr seasamh amuigh, agus ar an doras do bhualadh, g‐á rádh, A Thighearna, foscail dúinn; agus freagróchaidh seisean agus adéarfaidh sé libh, Ní fhuil a fhios again cad as daoibh‐se;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
A luaithe agus éireos fear an tí agus a bhíos an doras dúnta aige, tosóidh sibhse ar bheith in bhur seasamh taobh amuigh agus sibh ag bualadh cnaig ar an doras, agus á rá, ‘Oscail an doras dúinn, a Thiarna.’ Agus is é an freagra a thabharfaidh sé oraibh, ‘Níl aithne agam oraibh ná fios agam cérb as sibh.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tar éis d' fhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibhse, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: 'A Thiarna, oscail dúinn!' déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: 'Níl a fhios agam cad as daoibh!'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tar éis dʼfhear an tí éirí agus an doras a dhúnadh, agus go dtosóidh sibh-se, in bhur seasamh amuigh, ag bualadh an dorais ag rá: ‘A Thiarna, oscail dúinn!’ déarfaidh seisean libh do bhur bhfreagairt: ‘Níl a fhios agam cad as daoibh!’