Luke 13:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An sin bhiás gul agus gíosgán fíacal, a nuáir do chifi Abraham, agus Isaac, agus Iácob, agus na fáidhe uile, a bhflaitheas Dé, agus sibh féin dá bhur dteilgean amach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin béidh gol agus gíoscán fiacal, nuair do‐chífidh sibh Abracham, agus Íosóg, agus Iácób, agus na fáidhe go léir i ríoghacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is ansin a bheidh sibh ag caoineadh agus ag baint díoscáin as bhur bhfiacla, nuair a fheicfidh sibh Abracham agus Íosóg agus Iácób agus na fáithe uile istigh i ríocht Dé, agus sibh féin do bhur gcaitheamh amach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacal, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is ann a bheidh an gol agus an díoscán fiacla, nuair a fheicfidh sibh Abrahám agus Íosác agus Iacób agus na fáithe uile i ríocht Dé agus gur tiomáineadh sibh féin amach.