Luke 13:31 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An lasin féin tangadar cuid airighe do na Phairisíneachuibh chuige, ag radh ris, Imthigh amach, agus fág a náitsi: óir is mian ré Híoruáith do mharbhadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An lá céadna sin tháinig cuid de na Fairisíneachaibh, g‐á rádh leis, Imthigh agus fág an áit seo; óir atá Ioruath ar tí do mharbhtha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin go díreach a tháinig cuid de na Fairiséigh chuige go ndúirt siad leis, “Éalaigh as seo mar tá Iorua ar do thóir agus rún aige tú a mharú.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige á rá leis: «Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige dá rá leis: “Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.”