Luke 13:34 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
O a Ierusalém, á Ierusalém, noch mharbhas na fáighe, agus ghabhas do chlochaibh ar na dáoinibh churthar chugad; gá mhioncachd bá mían leam do chlann do chruinniughadh, mar chruinnigheas an chearc a gearrcuigh fá na sgiothánuibh, agus níor bháill libh!
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A Iarúsalem, a Iarúsalem, mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san a curtar chugat! cad é a mhinicighe dob’ áil liom do chlann do chruinniú le chéile, mar chruinnuigheas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil leat é!
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ó, a Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe, agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Cad é a mhinicí ab áil liom do chlannsa a chruinniú chugamsa, mar a chruinníos an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil leat é!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh-se!