Luke 13:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Nó an sáoiltí na hochd bhfir deag úd, air ar thúit an tor a Síloam, agus do mharbh iád, gur mhó na peacthaigh iád ná gach áoin nduine eile dá raibh na gcomhnuidhe a Niárúsalém?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Nó an t‐ochtar déag úd gur thuit an túr i Silóam ortha, agus gur mharbh sé iad, an measann sibh gur mhó ba chionntach iad‐san thar a bhfuil de dhaoinibh i nIarúsalem?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus na hocht nduine dhéag ar thit an túr i Silóam ina mullach gur mharaigh iad, an measann sibh gur mhó na peacaigh iad ná a raibh dʼáitreabhaigh in Iarúsailéim?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d' áitritheoirí Iarúsailéim?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nó an t-ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóm agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile dʼáitritheoirí Iarúsailéim?