Luke 14:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus fós a dubhairt sé ris an té thug cuireadh dhó, An tráth do dhéanas tú dinnéir nó suipéir, ná goir do cháirde ná do dhearbhraithre, ná do dháoine gáoil, ná do chomh arsanna saidhbhre; ar eagla go dtiobhradh siadsan fós cuireadhdhuitse arís, agus go bhfúoghtheá an chomáoin chéadna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leis an té thug an cuireadh dhó, Nuair do‐bhéarfair dínnéar nó séire, ná glaodh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithribh, ná ar do ghaoltaibh, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre; ar eagla go dtabharfaidís‐sean cuireadh dhuit‐se ’n‐a dhiaidh sin, agus go ndíolfaidhe an cómhar leat.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é a dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó, “Nuair a thugann tusa proinn nó fleá, ná tabhair cuireadh do do chairde ná do do dheartháireacha ná do do dhaoine muinteartha ná do do chomharsana saibhre, ar eagla go dtabharfaidh siad athchuireadh duit, agus go gcúiteofar an chomaoin leat.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: «Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: “Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar dá thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duit-se ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat.