Luke 14:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thionnsgnadar uile dáonghuth a leithsgéul do ghabháil. A dubhairt an céadduine ris, Do cheannaigh mé fearann, agus is éigin damh dhul amach agus a fhéachain: íarruim ort gabh mo leithsgéul.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thosnuigheadar go léir d’aon ghuth, ar a leithscéal do ghabháil. Adubhairt an chéad duine leis, Atá giota talmhan ceannuighthe agam agus ní mór dom dul agus é d’fheicsin: iarraim ort mo leithscéal do ghabháil.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ba é rud, thosaigh siad uile ar dhéanamh leithscéalta. Is é a dúirt duine amháin, ‘Tá píosa talaimh ceannaithe agam, agus caithfidh mé dul a amharc air; gabh mo leithscéal le do thoil.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus thosaigh siad uile mar a chéile á leithscéalú féin. Dúirt an chéad duine leis: 'Tá feirm ceannaithe agam, agus is éigean dom dul amach á feiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus thosaigh siad uile mar a chéile ag déanamh leithscéil. Dúirt an chéad duine leis: ‘Tá feirm ceannaithe agam, agus is éigean dom dul amach dá feiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’