Luke 14:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidh bé thig chugamasa, agus nach sé a athair, agus a mhathair, agus a bhean, agus a chlann, agus a dhearbhraithreacha, agus a dheirbhsiúreacha, agus fós a anam fein, ní heidir leis bheith na dheiscipbal agamsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má atá aon duine ag teacht chugam‐sa, agus gan fuath aige d’á athair, agus d’á mháthair, agus d’á mhnaoi, agus d’á chlainn, agus d’á dhearbhráithribh, agus d’á dheirbhsheathrachaibh, agus fós d’á anam féin, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Má thagann duine chugam gan fuath a bheith aige ar a athair féin agus ar a mháthair agus ar a bhean agus ar a chlann agus ar a dheartháireacha agus ar a dheirfiúracha, is ea, agus ar a anam féin, ní fhéadann sé bheith ina dheisceabal agam.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó a bheith ina dheisceabal agam.