Luke 15:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt an ti dob oige aca ré na athair, Athair, tabhair dhamh an chuid roitheas misi dod mhaóin. Aagus do roinn seision a mhaóin eatorra.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus adubhairt an mac do b’óige le n‐a athair, A athair, tabhair dhom an chuid ded’ mhaoin atá ag dul dom. Agus do roinn sé a mhaoin eadortha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus dúirt an mac ab óige acu leis an athair, ‘A athair, tabhair dom a bhfuil ag teacht chugam.’ Agus roinn sé a chuid den saol idir an bheirt.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair: 'A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.' Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatarthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair: ‘A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.’ Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatarthu.