Luke 15:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tar éis bheagáin aimsire ag cruinniughadh a choda uile don mhac dob óige, do chúaidh sé air coigcrigh adtalamh imchían, agus do dhiombail sé ann sin a mhaóin lé na bheathaidh baoth-chaithfigh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tamall beag ’n‐a dhiaidh sin do bhailigh an mac do b’óige a chuid le chéile, agus d’imthigh sé ar aistear go tír i gcéin; agus do scaip sé a chuid le ragairne.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní dheachaigh mórán laethanta thart gur chruinnigh an mac ab óige a raibh aige, agus gur imigh sé leis ar a aistear chuig tír a bhí i bhfad ar shiúl, agus gur scaip sé a mhaoin ar drabhlás.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d' imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, dʼimigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.