Luke 15:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tar éis a choda uile do chaitheamh dho, déirih gorta romhór ann sa tir sin; agus do thosaigh seision ar bheith a ríachdanas.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí gach éinnidh caithte aige tháinig gorta an‐mhór sa tír sin; agus do thosnuigh sé ar bheith i ngábhatar.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí an chianóg dheireanach caite aige, dʼéirígh gorta mór sa tír úd, agus thosaigh an ainnis ar theannadh airsean.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin bheith in uireasa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin a bheith in uireasa.