Luke 15:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus deirigh sé, agus do chuáidh sé dionnsuighe a athaar. Agus ar mbeith fós a gcíanúadh dhó do chonnaire a athair é, agus do ghabh truáighe mhór dhó é, agus ag rith dhó, do chrom sé fá na bhrághuid, agus do phóg sé é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’éirigh sé agus tháinig sé chum a athar. Acht do chonnaic a athair é, agus é fós i bhfad uaidh, agus do ghabh truagh mhór dó é, agus do rith sé, agus do chaith sé é féin ar a bhrághaid, agus do phóg sé é go dil, díocra.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼéirígh sé ansin go ndeachaigh chuig a athair. Ach nuair a bhí sé tamall uaidh go fóill, chonaic a athair é, agus thug sé trua dó, agus rith sé chuige gur chuir a dhá láimh thairis agus gur thug sé póg dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós a bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, dá chaitheamh féin ar a bhráid agus dá mhúchadh le póga.