Luke 15:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do bhí an mac búdh seine aige air an machaire amuich: agus ar dteachd a ngar don tigh dho, do chúaluidh sé an céol agus na damhsaidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí a mhac ba shine amuigh ar an bhfearann: agus ag druidim i ngar do’n tigh dhó, d’airigh sé an ceol agus an rinnce.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Anois bhí an mac ba shine aige amuigh sa pháirc; agus nuair a tháinig sé agus a dhruid sé leis an teach, chuala sé ceol agus damhsa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince.