Luke 15:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar bhfreaga dhosan a dubhairt sé ris a athair, Féuch, a táimsi ag déanamh agus nior sháruigh mé haithne a riamh: gídheadh ní thug tú fin an mheannáin dhamh ariamh, ionnus go mbéinn go súgach rém cháirdibh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé le n‐a athair, Féach, atáim‐se ag obair dhuit na bliadhanta fada so, agus níor sháruigheas t’órdú riamh: agus ’n‐a dhiaidh sin ní thugais oiread agus meannán dom chum go ndéanfainn súbhachas lem’ cháirdibh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach dʼfhreagair sé impí a athar mar seo, ‘Bʼshiúd mé an iomad seo blianta ag obair duit, gan dʼordú a shárú riamh; agus gan tú oiread agus meannán a thabhairt dom, le pléisiúr a dhéanamh le mo chairde.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt sé lena athair á fhreagairt: 'Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt sé lena athair dá fhreagairt: ‘Féach féin a bhfuilim de bhlianta ag seirbhís duit agus ní dheachaigh mé riamh thar do réir, agus riamh níor thug tú dom mionnán gabhair chun go ndéanfainn aoibhneas le mo chairde.