Luke 16:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní héidir le searbhfoghantuidhe ar bith seirbhis do dhéanamh do dhá thighearna: óir biáiddh fúath aige do neach aca, agus grádh don dara fear; nó ceangalfuidh sé do dhuine aca, agus do bhéara sé tarcuisne ar an dara fear. Ní héidir libh seirbhís do dhéanamh do dhía agus do Mhammon.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní fhéadann aon tsearbhónta seirbhís do dhéanamh do dhá mháighistir: óir béidh fuath aige do dhuine aca, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine aca, agus béidh droch‐mheas aige ar an duine eile. Ní féidir dhaoibh fóghnamh do Dhia agus do Mhamón.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní fhéadann aon seirbhíseach bheith ar aimsir ag an dá mháistir; mar beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó é dílis do dhuine acu agus dímheas aige ar an duine eile. Ní féidir libhse ach an oiread bheith in bhur seirbhísigh ag Dia agus ag mammon san am amháin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní féidir do sclábha ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuim den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní féidir do sclábhaí ar bith dhá mháistir a riaradh, óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.”