Luke 16:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar néimhghe dhósan an tansin a dubhairt sé, A athair Abraham, déana tócaire oram, agus cuir Lásarus do thumadh barr amheóir a nuisge, agus dfúaradh mo theangtha: óir ataim dom roiphíanadh an sa lasairsi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do liúigh sé agus adubhairt. A athair Abracham, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiridh sé bárr a mhéire i n‐uisce, chum mo theanga d’fhuaradh: óir atáim fá chrádh sa lasair seo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ghlaoigh sé in ard a chinn, ‘A athair Abracham, bíodh trócaire agat orm, agus cuir Lasarus uait go bhfliucha sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaraí sé mo theanga; mar táim i bpianpháis sa bhladhaire tine seo.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ghlaoigh sé amach: 'A athair Abrahám,' ar sé, ' bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfaidh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaróidh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’