Luke 16:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé na dhiáigh sin ré duine eile, Créd dhlightear dhiotsa? Agus a dubhairt seision, Céad míosúr cruithneachda. Agus a dubhairt seision ris, Gabh chugad do sgríbhinn, agus sgriobh ceithre fithchid.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt sé annsin le duine eile, Agus cá mhéid atá ort‐sa? Agus adubhairt seisean, Céad ceathramhadh cruithneachtan. Adubhairt sé leis, Glac do bhille, agus scríobh ceithre fichid ceathramhadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt sé ansin leis an dara fear, ‘Cé mhéid atá aige ortsa?’ Agus dúirt sé, ‘Céad ceathrú cruithneachta.’ Dúirt sé leis-sean, ‘Beir ar dʼadmháil agus scríobh ochtó.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin dúirt sé le duine eile: 'Cé mhéad atá amuigh ortsa?' Dúirt seisean: 'Tá céad ceathrú arbhair.' Dúirt sé leis: 'Tóg do bhille agus scríobh ochtó.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ort-sa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’