Luke 17:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do chunnairc sé íad, a dubhairt sé riu, Imthighidh foillsighidh sibh féin do na sagartuibh. Agus tárla, ag imtheachd doibhsion, gur glanadh íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic sé iad, adubhairt sé leo, Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do na sagartaibh. Agus tharla, sa tslighe dhóibh, gur leigheasadh iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chonaic sé iad dúirt sé leo, “Imígí libh le bhur dtaispeáint féin do na sagairt.” Agus glanadh iad ar a mbealach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: «Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.» Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: “Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad.